“Pro Deo et Patria”

Phone: 091 565980 Fax: 091 569126 Email: office@bish.ie

Bish Media

INFORMATION ON THE BISH GOLF AM-AM 2010

An Leathanach Gaelach

B’fhéidir gur chuala tú faoin leathanach nua Gaelach ar shuíomh Idirlín an Bhish. Bhuel, anois tá sé anseo chun tú a chur ar an eolas faoi nuacht, spórt agus imeachtaí na scoile atá le teacht de réir mar a tharlaíonn siad.

Gach bliain, déanann na múinteoirí agus na daltaí iarracht mhór chun feabhas a chur ar an nGaeilge agus chun teangacha a fhorbairt sa scoil. Mar sin ba cheart duit a bheith ag faire amach le haghaidh nuachta nua ar an leathanach seo.

 

An Tábhacht a bhaineann le Gaeilge sa scoil

Faoi láthair tá teangacha an-tábhachtach ó thaobh fostaíochta de. Is gné thábhachach de ghnó iad teangacha. Feictear fianaise de seo ar fud cathair na Gaillimhe. Tá sé ríthábhachtach mar dhaoine óga go bhfuilimid in ann teangacha a fhorbairt sa scoil chun na scileanna a thabhairt amach linn sa saol mór. Anois I scrúdú na hArdteistiméireachta don Ghaeilge tá 40% do na marcanna ar fáil ón mbéaltriail. Tá líofacht agus tuiscint na teanga ag teastáil ó dhaltaí chun marc ard a bhaint amach. Is riachtanach an dearcadh ceart a bheith ag daltaí I leith na teanga.

Tá daltaí agus múinteoirí na scoile seo ag iarraidh suim sa teanga a spreagadh agus a chothú ar fud na scoile. Mar sin glac do chuid páirte agus bí ag labhairt Gaeilge, tá seans nach bhfaighidh tú an deis arís. Mar sin an chéad uair eile a bhfuil drogall ort iarracht a dhéanamh do chuid Gaeilge a fheabhsú cuimhnigh go bhfuil tábhacht faoi leith ag baint léi, le haghaidh an tsaoil agus le d’fhéiniúlacht mar Éireannach.

 

Coiste nua sa scoil

Éist anseo! Tá nuacht agam duit. Tá coiste Gaeilge Nua sa scoil ar son daltaí na scoile. Bhunaigh na múinteoirí Gaeilge coiste chun na Gaeilge a scaipeadh I mbealach spraoiúil ar fud na scoile. Is é Brian DeSeagraobh Cathaoirleach an Choiste. Tá a lán comhdhaltaí le neart smaointí iotacha. Ba mhaith leo comórtais agus cluichí a eagrú sa scoil trí mheán na Gaeilge, go háirithe I rith Seachtain na Gaeilge. Glac páirt sna imeachtaí chun feabhas a chur ar do chuid Gaeilge agus bainfimid uilig taitneamh astu.

 

Seachtain na Gaeilge

Tá Seachtain na Gaeilge ar siúl ón 5ú Lá de Mhárta go dtí an 17ú Márta. Beidh a lán imeachtaí ag tarlú I rith na seachtaine sa scoil. Beidh an siopa ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge.  Táimid ag lorg iarrachta ó gach duine chun Gaeilge a labhairt I rith na seachtaine. Tá an coiste ag eagrú comórtais agus cluichí le duaiseanna do na buaiteoirí. Tá na comórtais gan táille, agus bainfidh gach duine taitneamh astu.

 

Na hImeachtaí a bheidh ar siúl

  • Comórtas Sacair le haghaidh daltaí an chúigiú bliain
  • Comórtas leadóige bhoird le haghaidh na Chéad bhliana
  • Comórtas Ealaíne le duais E60.
  • Tráth na gCeist
  • Ceist an Lae ar an idirchum (duais ar fáil)
  • Seisiún Ceoil traidisiúnta
  • Comórtais Aistí agus Filíochta

 

Déan iarracht páirt a ghlacadh I gceann do na himeachtaí agus beidh an spraoi againn. Chun tuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt ar www.snag.ie

Agus cuimhnigh “Tír gan teanga, tír gan anam”!!

Spórt sa Scoil

 

Tá spórt an-tábhachtach I saol na scoile. Glacann na céadta daltaí páirt ag imirt ar fhoirne éagsúla na scoile, nó ag imirt I gclós na scoile ag am lóin.

Tá go leor duaiseanna buaite ag Coláiste Sheosaimh mar shampla, Craobh na hÉireann sa sacar agus sa chispheil. Seo hiad na torthaí ó chluichí éagsúla ón tseachtain seo caite.

 

Sacar

An Luain seo caite bhí at t-ádh ag foireann sacair na chéad bliana, nuair a bhuail siad le Coláiste an Chorráin ó Luimneach ag páirc Droma. D’imir siad cluiche crua agus bhí an bua acu 3-2 ag an deireadh. Gary Kineen, Evan Denny agus Conor Melody a ghnóthaigh na cúil. Comhghairdeas leo!

 

Iománaíocht

Bhí comórtas iománaíochta don chéad bhliain ar siúl I gColáiste Mhuire. D’imir Coláiste Sheosaimh in aghaidh Coláiste Mhuire agus Coláiste Éinne. D’éirigh go han-mhaith leis an bhfoireann sa chomórtas.

 

Rugbaí

Tá an fhoireann shóisir ag imirt in aghaidh Coláiste na Ríse sa Chorn. Bualfaidh siad le Coláiste Iognáid sa chluiche ceathrú ceannais. Bhuaigh siad an sraith freisin don chéad uair I naoi mbliana déag. Go n-éirí an t-ádh leo.